Mea culpa, shílfeá.

Bhí muid faoi dhraíocht agus muid ag éisteacht leis an gcéad leath den Chluiche Ceannais inniu ar Radio na Gaeltachta, i mBuenos Aires; SBB ag déanamh cur síos fileata ar Ghaillimh agus an lámh in uachtar acu ar Chill Chainnigh. Thug a chuid focail misneach dúinn. Chreid muid go bhféadfadh siad é a dhéanamh. Ansin, nuair a chuir muid glaoch abhaile go Conamara agus nuair a chuala muid Deaideó ag rá go mbuafadh Gaillimh le chúig phointe, bhí muid cinnte go raibh againn. Ag leath-ama, agus Gaillimh chun cinn le trí phointe, bhí ócáid stairiúil ag titim amach. Chaith muid é a fheiceáil. Chuaigh me ag spochadh le cáblaí agus cnaipí ar an ríomhaire a bhí faighte ar iasacht againn go dtí go bhfuair mé pictiúr ar an teilifís.

2b5c32dc2ad5ee6e10e52aefa4c95077

Dé hAoine seo caite, bhí lón agam le Br. Thomas agus Br. Seán, beirt Ghaillimheach le fios a ngnó maidir le cúrsaí spóirt na hÉireann, iománaíocht ach go háirithe. Tá Thomas théis dhá scór bliain a chaitheamh anseo, agus leath chéad bliain caite ag Seán. Bhíodar beirt ar bís agus ina gcéas faoin gcluiche. Nuair a chuala Seán gur imir Jack, nia le mo bhean, d’fhoireann na Gaillimhe f-21 sa bpeil i mbliana, rinne sé cur síos cruinn ar an gcuiche ceannais a bhí acu in aghaidh Ros Comáin. Ní tada sa lá atá inniu ann a bheith in ann coinneáil suas le chuile rud beo atá ag tárlú ag baile, ach nuair a tháinig siadsan amach anseo i dtosach, b’éigean dóibh éisteacht leis na scéalta spóirt a bheadh ar an BBC World Service ar shean-radió ag súil go ndéanfaí trácht ghairid éigin ar na cluichí CLG. Muna gcloisfidís tada faoi thoradh ansin, bheadh orthu fanacht seachtain iomlán le scéala a fháil. Ní chuimhneoidís go deo glaoch a chur abhaile. Nach h-iad na saolta atá athraithe!

Thug muid cuireadh do Thomas teacht ag breathnú ar an gcluiche leath-cheannais in aghaidh Thiobrad Árainn in éineacht linn, ach ní raibh sé in ann aige- an iomarca strusa ag baint le bheith ag breathnú! Roghnaigh sé ina áit dul ag guí sa séipéal agus píosaí beaga a chloisteáil de réir a chéile sna caiféanna thimpeall na cathrach. D’éist muide muid féin leis an gcluiche sin ag suí taobh amuigh ag café beag ar Sráid Pena, ag placadh bricfeasta agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch. D’éist muid le chuile fhocal ag teacht amach as an bhfón a bhí leagtha síos ar an mbord againn i measc na gcupán agus na gcácaí; muid chomh ríméadach le bhfaca tú agus an tráchtaireacht aoibheann ag cur lenár stór smaointe. Rinne Gaillimh an beart an lá sin, ach inniu, agus muid ag breathnú ar na h-íomhánna siúd ar an teilifís, m’anam gur tháinig muid chugainn fein sách sciopthaí! Rinne muintir Chill Chainnigh slad orainn sa dara leath. Firíní beaga ag ritheacht thart ar an scáileán ar nós an dream a bhíonn’s ar PlayStation Dharragh. Bhí an tráchtaireacht ar an radió níos moille ná na pictiúir. Chaith muid in aer an radió. Chaill Gaillimh agus is cosúil gur ormsa a bhí an lucht. Bhí Darragh trína chéile. ” Ba cheart duit an radió a bheith fágtha ar agat. D’athraigh chuile rud nuair a chas tú ar an teilifís!” Mise a tharraing an mí-adh.

8eb0ccd26ffa5bfe594424cd71ae265d
Leagan Gaeilge scríofa ag BT
Ealaín le Darragh

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s